FOIRNE GAELTACHTA AG ULLMHÚ DO CHOMÓRTAS PEILE NA GAELTACTA 2012

first_imgDon dara bliain as a chéile beidh muintir Thír Chonaill ag reáchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta ach i mbliana is iad muintir Ghaoth Dobhair i gceartlár Thír Chonaill a bheith ag obair go dian chun comórtas na bliana seo a reáchtáil ón 1-4 Meitheamh 2012.Bhí an-tóir ar Chomórtas Peile na Gaeltachta le blianta fada anuas lefoirne ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid ag glacadh páirte sachomórtas seo a bhíonn ar siúl i nGaeltachtaí éagsúla gach bliain.I mbliana beidh na sluaite ó na Gaeltachtaí éagsúla timpeall na tíremar aon le foireann  as Baile Átha Cliath, ‘Na Gaeil Óga’ agusfoireann Laochra Loch Lao as Béal Feirste ag tabhairt aghaidh archeantar Ghaoth Dobhair. I measc na gClubanna Gaelachta éagsúla ar fud na tíre a ghlacann páirtsa chomórtas go rialta bíonn foirne as Rinn Ó gCuanach agus An tSeanPhobail as Gaeltacht na nDéise, foireann as Gaeltacht Ráth Cairn igContae na Mí, Piarsaigh na Droimaide agus An Ghaeltacht as GaeltachtChiarraí, Baile Bhuirne agus Béal Átha an Ghaorthaidh as GaeltachtChorcaí, Gleann Cholm Cille, Cloch an Fhaola, Na Dúnaibh, agusfoireann Chill Chartha, agus ar ndóigh an fhoireann as baile GhaothDobhair, i  nGaeltacht Dhún na nGall.I láthair freisin bíonn Oileán Árainn agus foirne as Conamara  mar aonle foirne Bhéal an Mhuirthead, Thuar Mhic Eadaigh agus Bhaile anChaisil as Gaeltacht Mhaigh Eo.San iomaíocht freisin bíonn foireann Mhóin Dearg as Londain Shasana,foireann a rinne iarracht freastal ar an gcomórtas le blianta fadaanuas.Beidh puball mór curtha in airde in aice leis an bpáirc, áit a mbeidhneart imeachtaí sóisialta idir cheol, amhránaíocht agus damhsa arsiúl.Más peil, ceol, damhsa nó blas don chultúr áitiúil atá á lorg agattabhair d’aghaidh ar Ghaoth Dobhair deireadh seachtaine na Cincíseagus cuimhnigh is deis iontach í seo do dhaoine  na canúintí difriúlaó na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre a chloisteáil in atmaisféarsóisialta. Tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ag na sonraí teagmhála thíos: Cathaoirleach – Seán Ó Fearraigh –087 2441842 FOIRNE GAELTACHTA AG ULLMHÚ DO CHOMÓRTAS PEILE NA GAELTACTA 2012 was last modified: May 9th, 2012 by BrendaShare this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window)last_img

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *